Tuarmhiceadaigh

Re Na Pluinceidé (The Plunkett Era)

Bhí cóilíneacht Phrotastúnach Acaill rathúil go maith faoi chúram bunaitheoir an “Irish Church Mission Society”, Edward Nangle. Bhí a chuid oibre déanta le cúnamh airgeadais ón Eaglais i Sasana. Níor aontaigh go leor de na hEaspag in Eaglais na hÉireann le modhanna an “Irish Church Mission Society”. Go minic bhí Eaglais na hÉireann in ann comhoibriú go héasca leis na Caitlicigh áitiúla, iad go minic ag tabhairt cúnaimh chun séipéal a thógáil, go mór mór i gConnacht sna 1840daí agus 1850daí.

B’é an tEaspag Pluincéid an chéad duine a thug tacaíocht don fheachtas a bhí ag an “Irish Church Mission Society”. Tar éis dó a bheith ceaptha mar Easpag, shocraigh sé cur faoi i dTuar Mhic Éadaigh in áit fanacht i Tuaim mar gheall gur thaitnigh radharcanna Loch Measca agus na cnocáin timpeall air leis. Thóg sé trí shéipéal Protastúnach sa deoise, ceann i dTuar Mhic Éadaigh i 1852. Chomh maith leis sin, cheap sé an tUrramach Hamilton Townsend mar Reachtaire Eaglais na hÉireann.

D’oscail sé dhá scoil sa deoise. Bhí a dheirfiúr, Catherine, mar phátrún  ar ceann acu. Ag an am seo bhí suas le 1,000 acra talún aici. I 1855 bhí cúig scoil Phrotastúnach sa deoise agus an t-aon scoil eile a bhí ar fáil ná ceann a bhí ag na Bráithre Proinsiasacha, a bhí ag brath ar shíntiús ó na daoine bochta sa cheantar chun an scoil a choinneáil oscailte. Thug George Henry Moore 30 acra talún do na Bráithre le linn an Ghorta. Bhunaigh siad scoil agus mainistir ar an talamh seo.

Níor ghlac an tAthair Peter Conway leis na scoileanna de chuid an “Irish Church Mission Society” a bhí sa limistéir. Chuir an tAthair Ward i leith an Easpaig Pluincéid go raibh sé ag iarraidh creideamh na ndaoine a athrú, agus tharraing sé seo aird na bpáipéir ag an am. Tháinig cúnamh airgid isteach ó timpeall na hÉireann agus Sasana don Athair Ward. Bhí an tAthair Ward sásta dúshlán Phuinlcéid a thabhairt agus, i litir go dtí an “Dublin Telegraph” i Nollag 1854, thug sé liosta ainmneacha de 104 thionónta a bhí díshealbhaithe ag Pluincéid nuair a cheannaigh sé a chuid talún. Bhí cuid acu seo 90 bliain d’aois agus cuid eile acu fiú ina bpáistí óga. Thug Moore talamh dóibh sin a bhí díshealbhaithe as a eastáit féin. An fhad is a bhí talamh faoi úinéireacht Mhoore i dTuar Mhic Éadaigh, níor díshealbhaíodh aon tionónta ariamh. Ach nuair a cheannaigh Pluincéid í, tógadh go leor talamh a bhí ag tionóntaí Caitliceacha go tionóntaí Protastúnacha.

Lean an tAthair Conway agus an tAthair Ward leis an bhfeachtas in aghaidh na scoileanna, fiú amháin ag dul isteach sna scoileanna agus gasúir Chaitliceacha a thógáil amach astu. Nuair a aistríodh an tAthair Ward go Baile Liam, cuireadh an tAthair Lavelle, as Muraisc ó dhúchais, ina áit. Rinne sé soiléir nach mbeadh aon mhaolú ar an bhfeachtas in aghaidh an Easpaig Pluincéid agus a dheirféar, Catherine. Bhíodh an tAthair géar go maith ar a chuid paróisteach freisin. Taobh istigh de trí sheachtain dó a bheith sa pharóiste, bhunaigh sé feachtas le cur in aghaidh na Scoileanna Pluincéideacha. Le linn seanmóra dúirt sé le tuismitheoirí go raibh siad ag cur a gcuid gasúr i gcontúirt á dtabhairt chuig na scoileanna seo. Cúpla seachtain ina dhiaidh seo bhí go leor de na gasúir tógtha amach as na scoileanna ag a gcuid tuismitheoirí. Bhí tacaíocht ag an Athair Lavelle ón Ardeaspag Caitliceach, An Dochtúir McHale, a raibh imní air mar gheall go raibh reiligiún á mhúineadh do na gasúir ag léitheoirí scrioptúir Protastúnacha.

Bhí cuid de na tuismitheoirí fós ag cur a gcuid gasúr chuig na scoileanna seo mar gheall go raibh siad fostaithe ag na Pluincéidí, agus faitíos orthu go mbeadh siad díshealbhaithe agus curtha as obair dá ndéanfadh siad amhlaidh. Mar sin, ní raibh aon bhealach ag na tuismitheoirí réiteach sásúil a fháil ar an scéal.

Bhí orthu freisin cuir suas le holc an Athair Lavelle. Ó  am go chéile bhíodh muintir an pharóiste ag cruinniú le chéile chun stop a chur leis na gasúir ag dul isteach sa scoileanna, agus go minic éireodh leo. Bhí na léitheoirí scrioptúir agus na múinteoirí thar a bheith trodach ar son na scoileanna. Go minic bheadh siad ag dul thart chuig tithe na ngasúr, ag éileamh go gcuirfí na gasúir chuig an scoil. Dá gcuirfeadh na tuismitheoirí ina aghaidh seo, go minic bheadh an clann díshealbhaithe. Bhí ionsaithe agus boirbe coitianta ag an am.

Bhíodh cásanna cúirte ann idir an Athair Lavelle agus an Easpag Pluincéid go minic i mBaile an Róba agus sna ‘Assizes’ i gCaisleán an Bharraigh. Arís, bhí foréigin agus ionsaithe coitianta. Chuaigh an tAthair Lavelle go bailte Sasanacha, go mór Léarpholl, Londain,  Manchain agus Stockport, ag cuartú cúnamh airgid. Fuair sé poiblíocht mhór i bpáipéir náisiúnta agus idirnáisiúnta, go mór mór an ‘London Times’. Bhí fiú amháin Easpag i bPáras sa Fhrainc a thug seanmóir ar na díshealbhaithe.

Bunaíodh an Ciste Cosanta Phartraí agus tháinig airgead isteach ó thimpeall na tire, Sasana, Meiriceá agus an Astráil. D’úsáid an tAthair Lavelle an t-airgead chun talamh a cheannacht le haghaidh áit a thabhairt do tionóntaí díshealbhaithe.

Bhí na díshealbhuithe is mó déanta ag Pluincéid i mí na Samhna 1860. Sna laethanta roimhe seo bhí méid mór gardaí tugtha isteach sa limistéir. Tháinig trúpaí isteach ó bhailte timpeall ar an limistéir agus cuid den 24ú cos-slua as an gCurrach. Ní raibh na gardaí áitiúla ag glacadh páirte ann. Bhí faitíos ar na daoine, agus ní raibh a leithéid de rud feicthe ariamh cheana ar an mbaile. Ní raibh an méid sin trúpaí le feiceáil ariamh cheana agus mhair an próiseas díshealbhaithe trí lá.

Ar an gcéad lá bhí fórsa mór díshealbhaithe faoi chúram an Col. Know, Ard-Shirriam Maigh Eo, a thosaigh ar an díshealbhú ó Dhroichead an Cheapaigh Dhuibh. Leagadh go leor de na tithe agus cuireadh an talamh ansin faoi stiúir na bPluincéidí. Níor chuir an tAthair Lavelle nó a chuid tionóntaí suas aon troid in aghaidh na dtrúpaí seo. Tugadh rabhadh go tionóntaí ar eastáit eile gan aon cúnamh ná dídean a thabhairt do na tionóntaí díshealbhaithe, mar sin, bhí ar dhaoine a bhí suas go dtí 90 bliain d’aois agus fiú amháin gasúr óga fanacht amuigh ar na cnocáin san fhuacht i lár Mí Samhna. Bhí an tAthair Lavelle ag iarraidh iad a thabhairt chuig a bhaile féin ach bhí faitíos orthu. Faoi dheireadh, cheannaigh sé talún chun tithe a thógáil ó Sheansaireacht na Cúirte, talamh a bhí ag an Uasal Gildea roimhe seo. Chuir na tionóntaí fúthu ar an talamh seo, chomh maith le talamh a bhí ag na Bráithre Proinsiasacha.

“An Chogadh i Phartraí” a tugadh ar an aighneas idir an Athair Lavelle agus an Easpag Pluincéid níos déanaí. Chuir an Pluincéideach daoine , ó áiteanna eile i Maigh Eo a raibh a gcreideamh athraithe acu in áit na dtionóntaí a bhí curtha as seilbh aige. Chuaigh a dheirfiúr Catherine i mbun díshealbhuithe freisin. Cuireadh daoine as seilbh ar ábhair eile freisin seachas ceist an scoile, rudaí ar nós talamh a bheith ligthe acu le fo-thionóntaí, gan a bheith ag íoc a chuid cíosa agus dó talún.  Ach maidir leis an díshealbhú de 13 theaghlach i mí na Samhna, chomh maith le feachtais eile díshealbhaithe i 1861 agus 1862, déanadh cáineadh mór orthu sna páipéir. Sa bhliain 1863 fuair Pluincéid tinn tuirseach don troid sa réigiún agus dhíol sé an t-eastát a bhí aige le Sasanach darbh ainm Mitchell, agus bhog sé ar ais go Tuaim. Lean a dheirfiúr é go gairid ina dhiaidh sin. Tar éis sin tháinig suaimhneas ar ais go Tuar Mhic Éadaigh.