Tuarmhiceadaigh

Robert Shaw

Picture
(Athphriondáil le cead ón Irish Press, 31ú Lúnasa 1978)

Robert Shaw, fear a cailleadh ag aois óg de 51 bliain agus a chruthaigh áit dó féin i gcroí na nÉireannach ar bhealach nach bhfuil déanta ag mórán daoine. An rún a bhí aige ná go thaitin daoine leis agus mar sin thaitin sé le daoine.

Cuimhníonn daoine ar an gcur síos a rinne sé féin ar Thuar Mhic Éadaigh i Maigh Eo ar RTÉ cúpla seachtain ó shin. Dúirt sé gurbh é an áit is nádúrtha agus is deise a chónaí sé ariamh inti. Ba i dteach clann Phluincéid a d’fhan sé le 3 bhliain anuas, agus bhásaigh sé le taom croí gar don áit.


Thaitin rudaí simplí le Shaw. Bhí sé cosúil ar an gcaoi sin le Bing Crosby, fear a raibh baint aige leis an tír seo níos faide siar. Maidir le Shaw, b’é a uaillmhian ná teach tábhairne a cheannacht i dTuar Mhic Éadaigh agus oibriú taobh thiar den bheár ann.

Is baile Gaeltachta é Tuar Mhic Éadaigh agus bhí Shaw, fear as Cornwall, ag cur an-suim sa teanga Cheilteach. B’fhearr leis go mbeadh aithne air mar scríbhneoir, ach is mó aithne air mar gheall air a chuid scannán, go mór mór mar fhiagaí siorc i “Jaws”, ach fuair sé go leor moladh freisin as an ról mar Anraí a hOcht sa scannán “A Man For All Seasons”.

Bhí go leor daoine i dTuar Mhic Éadaigh nach bhfaca scannán ar bith a rinne Robert Shaw, ach go raibh aithne acu air mar chara. Dóibh sin, ní réalt scannáin a bhí ann, ach comharsa, cara, fear a tharraingeoidh a phionta féin nuair a bhí rudaí gnóthach sa teach tábhairne áitiúil.

Bhí saol maith aige, mar fhear teallaigh agus mar ealaíontóir. I 1961 bhuaigh sé Duais Hawthornden dá leabhar “The Sun Doctor”, éacht ba thábhachtaí dó ná na milliún a rinne sé lena chuid scannán.

Seans maith go gcuimhneoidh daoine air mar an fear crua a bhí le feiceáil ina chuid scannán. Ach i dTuar Mhic Éadaigh beidh cuimhne difriúil ag daoine air. “Is breá liom Éireann thar tír ar bith eile ar domhan” a dúirt sé uair amháin. Ní fheadfadh aon duine moladh níos fhearr a thabhairt.



(Athphriondáil le cead uaidh an Mayo News, 12ú Lúnasa 2008)

Emer Gallagher

Tugtar onóir do Robert Shaw i dTuar Mhic Éadaigh. Déantar cuimhneacháin ar an aisteoir “Jaws” le seachtain cheoil, chultúir agus teanga.

Tugadh onóir do Robert Shaw i dTuar Mhic Éadaigh agus tógadh leac chuimhneacháin dó an deireadh seachtaine seo caite.

Ar an leac chuimhneacháin os cionn Loch Measca tá inscríbhinn ag meabhrú an t-aisteoir a fuair bas 30 bliain ó shin sa bhaile Gaeltachta. Bhí an t-Uasal Shaw ina chónaí i dTuar Mhic Éadaigh ar feadh seacht mbliana agus bhí an-ghean ag muintir an bhaile air. Bhí baintreach Shaw, Virginia, a bheirt mhac, Colm agus Tom, agus a iníon Penny i láthair ag an searmanas cuimhneacháin.

“Bhí siad an-sásta leis. Ar bhealach, bhí siad ag déanamh iontas go raibh muid ag iarraidh rud mar seo a dhéanamh. Bhí siad an-sásta agus thaitin an lá leo” a dúirt Connie O’Toole, a thug cúnamh an ócáid a eagrú.

Cailleadh an t-aisteoir i 1979 in aois a 51 bhliain, gar don spota ina bhfuil an leac cuimhneacháin tar éis dó taom croí a fháil agus é ag tiomáint abhaile ó chluiche gailf lena chuid cairde. Rinne Seán Ó Conghaile, Fear an Tí, cur síos ar Shaw mar fhear a bhí cairdiúil agus a thaitin comhluadar leis, fear a bhí “in ann labhairt le duine ar bith i gcomhluadar ar bith”.

Bhog an t-aisteoir, a bhain cáil amach mar an t-úinéir báid “Quint” sa scannán “Jaws”, go Tuar Mhic Éadaigh ag tús na seachtóidí agus d’fhreastail a chuid gasúr ar an scoil áitiúil. Cuimhnítear ar an Uasal Shaw mar “fhear iontach, fear a raibh an-chionn aige don áit a chuir sé faoi”.

D’inis a mhac Colin Shaw don slua de 100 duine, go raibh sé fós faoi scáil ag bás a athar.

“Taobh amuigh de na scannáin, is fear clainne a bhí ann. Theastaigh príobháideachas uaidh agus fuair sé sin i dTuar Mhic Éadaigh. Thaitin an tírdhreach Mhaigh Eo leis agus na daoine i agus bheadh sé breá sásta go raibh cuimhneacháin a dhéanamh air go h-áitiúil” a dúirt sé.

Dúirt baintreach an Uasail Shaw, Virginia, a bhí ina cónaí i dTuar Mhic Éadaigh nuair a fuair sé bás, gur dhúisigh an ócáid seo go leor mothúcháin. Dúirt sí freisin go raibh grá mór ag Shaw do Thuar Mhic Éadaigh, “an áit is álainn ar domhan”, dar leis féin.

“Is duine álainn a bhí ann. Bhí sé spraíúil, flaithiúil, dána; d’ól sé an iomarca agus bhí grá mór aige dá ghasúr fhéin” a dúirt sí. “Theastaigh uaidh go nglacfaí leis mar a bhí sé. Theastaigh gnáth-shaol uaidh. Thug Tuar Mhic Éadaigh é sin dó. Ní thaitin gleo Hollywood leis”.