Tuarmhiceadaigh

Colaiste Chonnacht

Timpeall ar chéad bliain ó shin tháinig rud nua ar an saol a thug cúnamh d’athbheochan na Gaeilge: cuireadh Coláiste Chonnacht ar bun i dTuar Mhic Éadaigh. Bhí Conradh na Gaeilge faoi chúram Dubhghlas de hÍde agus le cúnamh ón gcléir, ó mhúinteoirí, ghnónna agus dhaoine proifisiúnta in Iarthar na hÉireann, bhí siad ag cuartú áit fheiliúnach chun Coláiste Gaeilge chur ar bun. Thug Ard-Easpag Thuama, an Dochtúir John Healy, cead don Athair James Corbett léas a thógáil ar sean-chléirtheach ar Shliabh Partraí. Theastaigh ó Chonradh na Gaeilge an áit a cheannacht, ach ní raibh an tEaspag sásta é a dhíol, ach bhí sé sásta an suíomh a chur ar fáil saor ó chíos ar an gcoinníoll go dtógadh siad isteach ar a laghad scoláire bocht amháin chuile bhliain.

Bhí Micheál Breathnach as Cois Fharraige ar an gcéad “Ard-Ollamh”. Is scoláire den scoth a bhí ann, agus ceannaire le smaointe nua, smaointe a roinn sé le go leor daoine eile. Chonaic sé gur theastaigh caomhnú a dhéanamh ar chultúir agus theanga na tíre chun an náisiún a thógáil. Bhí go leor dá chuid tuairimí ag Pádraig Mac Piarais chomh maith, fear a raibh baint mhór aige le córas caighdeánach múinteoireachta a chur ar bun agus a raibh i gceannas ar na scrúdaithe freisin. In óráid a rinneadh sé os comhair na scoláirí dúirt sé: "Is féidir leis an tíoránach sglábhaidhe a dhéanadh d'ár gcuirp, ach ní féidir leis sclábhaidhe a dhéanamh d'ár dtoil. Sin é, muna nghéillimíd ár dtoil a thabhaiort do. Agus más é toil mhuinntir na hÉireann a bheadh saor gaedhealach, ní féidir le náimhde ar bith gcoinneál gallda nó í ngéibhinn."

D’aithnigh Bord Oideachais Shasana Coláiste Connacht mar choláiste traenála le haghaidh múinteoirí agus chun Gaeilge a mhúineadh. Chomh fada is a bhain sé le modhanna traenála, bhí Coláiste Thuar Mhic Éadaigh i bhfad chun cinn ag an am. Tháinig múinteoirí teanga agus scoláirí ó Shasana, ón Eoraip agus ó Mheiriceá. Bhí Coláiste Chonnacht ina champa samhraidh oibre. Bhí an foirgneamh é féin bunúsach, ach bhí meanma maith ann. Cuireadh go leor de na ranganna ar bun taobh amuigh, taobh le Loch Measca agus ag bun Sléibhte Partraí. Úsáideadh an focal “Seilig” chun cur síos a dhéanamh ar phicnic oibre taobh leis an eas. Bhí an chuid is mó de mhuintir Tuar Mhic Éadaigh sásta leis na cuairteoirí nua ar an mbaile.

Roimhe seo bhí deiseanna fostaíochta teoranta do dhaoine a thug na tiarnaí talún isteach. Ach anois bhí éileamh ar chainteoirí Gaeilge chun scoláirí a choinneáil. Scríobh an Catholic Bulletin: “D’oscail na feirmeoirí a chuid doirse do na scoláirí. Bhí an baile uilig ar nós Ollscoil chónaithe”. Bhí ard-mholadh ag stiúrthóirí an choláiste do na mná tí a bhí líofa i nGaeilge, a thóg páirt i gcéilithe, i gceolchoirmeacha agus i ndamhsaí sna tithe. Bhí sé éasca le feiceáil go raibh an teanga Ghaeilge go láidir sa bhaile agus de réir beathaisnéisí an Ard-Easpaig Healy ba “fhoinsí na Gaeilge neamh-thruaillithe iad na tuathánaigh threallúsacha”. Bhí chuile dhuine ina mhúinteoir agus mhúin na scoláirí a chéile. Seo é an chaoi a raibh rudaí i dTuar Mhic Éadaigh ag tús an chéid.

Bhaist Dubhghlas de hÍde (a bhí mar an chéad Uachtarán na hÉireann ina dhiaidh sin) “Cliabhán Chonradh na Gaeilge” ar an áit. Thit Conradh na Gaeilge amach le Coláiste Chonnacht nuair a bhí aighneas ann idir iad agus an tArd-Easpag faoi cheapachán comharba do Mhicheál Breathnach a fuair bás le linn cúrsa na bliana 1908. Cuireadh Pádraig Ó Domhnalláin ina áit go dtí deireadh na bliana. Bhí Pádraig agus Micheál ina gcairde le fada, agus theastaigh ó Mhicheál go dtógadh Pádraig a áit. Ach cheap Conradh na Gaeilge an Dochtúir McEnrí sa phost. Níor ghlac an tArd-Easpag Healy leis seo. As seo a thosaigh an scoilt idir an dá pháirtí.

I 1909 d’oscail Coláiste Chonnacht sa Spidéal, agus an Dochtúir McEnrí mar stiúrthóir. Bhí an coláiste  i dTuar Mhic Éadaigh, chomh fada a bhain sé leis an gConradh, dúnta. Ach d’éirigh go maith le Coláiste Thuar Mhic Éadaigh agus, de bharr an aighnis, thug Bord Oideachas Shasana stádas níos airde do scoláirí Tuar Mhic Éadaigh agus go dtí 1921 bhí méid na scoláirí ag dul i dtreise. De réir a chéile bhí múnla den chineál scoláire a bhí ag teacht chuig an gcoláiste ag athrú ó mhúinteoirí go daltaí óga. Bhí Coláiste Chonnacht faoi chúram Comhairle Condae Maigh Eo agus, ina dhiaidh sin, an Choiste Gairme. Bhí na scoláirí go díograiseach ag foghlaim na Gaeilge ag an am céanna agus a bhí gasúr na háite ag iarraidh Béarla a fhoghlaim. Bhí sé le feiceáil go raibh Béarla a bhfad níos láidre sna tithe a raibh scoláirí ag fanacht iontu.

Tháinig athrú mór ar an bpobal seo a raibh an Ghaeilge in uachtar ann go dtí 1905. Bhí go leor de na daoine a throid in aghaidh na tiarnaí talún agus ar breathnaíodh orthu mar cheannairí culturtha tar éis a bheith díshealbhaithe agus imithe ón áit. Bhí fíor-bheagán fostaíochta ar fáil san áit, bhí na gabháltais ró-bheag le haghaidh clann a thógáil orthu, agus mar sin, d’imigh go leor daoine ar imirce. Chuaigh go leor daoine óga go Sasana nó go Meiriceá. Lean a ngaolta iad, agus dúnadh go leor tithe dá bharr.

Ní nach ionadh, bhí na cainteoirí Gaeilge ar na chéad daoine a d’imigh. Tháinig na húdaráis ar an tuairim nach raibh an Ghaeilge sách láidir san áit chun coláiste Gaeilge a bheith ann. Ar deireadh dúnadh an coláiste agus cuireadh monarchan cniotála ina áit.

Agus muid ag déanamh comóradh ar 100 bliain Coláiste Chonnacht, iarráionn muid ar ghaolta agus cairde de chuid na ndaoine a d’fhreastail ar an gcoláiste dul i dteagmháil le hOidhreacht Tuar Mhic Éadaigh chun ceiliúradh a dhéanamh ar na blianta órga seo i stair Thuar Mhic Éadaigh. Beidh suíomh idirlín www.tourmakeady.com bunaithe chun an eolas seo a chur ar fáil, agus cuireann muid fáilte roimh daoine a bhfuil litreacha, scríbhinní agus píosaí eile stairiúla ina seilbh dul i dteagmháil linn ag [email protected].

Colaiste Chonnacht

Mayo News, Dé Sathairn 7ú Eanáir 1905

ATHBHEOCHAN NA TEANGA

SCOIL GHAEILGE CHONNACHT

CRUINNIÚ AN CHOISTE

Bhí cruinniú ag coiste na scoile ag teach Ard-Easpaig Thuama, an Oirmhinneach Dochtúir Healy, ar an Aoine. I láthair ag an gcruinniú bhí Bean Uí Choistealbha, An tAthair Corbett, Sagart Paróiste Phartraí, An tAthair Crehan, C.C Riverstown, An tAthair Macken, Baile an Mhóta, agus an tUasal J A Glynn, rúnaí onórach. Léadh litreacha leithscéil léite ón Dochtúir De hÍde, an Moinsíneoir Ó hEadhra agus an tUasal Edward Martyn. Scríobh an Dochtúir de hÍde gur iarr an tOllamh Kuno Meyer go n-athrófar ainm an choláiste mar gheall ar an gcosúlacht idir é agus scoil Ghaeilge eile i mBaile Átha Cliath.  Socraíodh chun an t-ainm “Sliabh Partraí Irish School” a thabhairt ar an scoil feasta. Shocraigh an tArd-Easpag £150 a íoc chun teach a cheannacht ar Shliabh Partraí. Ag cruinniú teachtaí Connachta de chuid Conradh na Gaeilge i gClár Chlainne Mhuiris ar an 12ú Meán Fómhar socraíodh ar shuíomh chun an scoil a bhunú. Dúirt an tAthair Corbett go raibh chuile dhuine sa gceantar líofa sa Ghaeilge. Tar éis beagán cainte socraíodh ar an gclár seo a leanas:

1.       Beidh an scoil oscailte ón 15ú Meitheamh go dtí an 15ú Meán Fómhar chuile bhliain.

2.       Dhá chúrsa de 6 seachtain a bheas ann, ceann ag tosú ar an 15ú Meitheamh agus an dara ceann ar an 1ú Lúnasa.

3.       Beidh príomh-mhúinteoir amháin ag an scoil chomh maith le cúntóirí. Beidh pá le socrú amach anseo.

4.       Beidh an struchtúr seo a leanas ar an gcúrsa:

            a.       Cúrsa ar mhodheolaíocht múinte na Gaeilge

            b.      Cúrsa ar theanga na Gaeilge agus ar an Litríocht

Beidh an dá cúrsa á reáchtáil i ndiaidh chéile, ach beidh scoláirí in ann an dá chúrsa a fhreastail.

5.       Beidh táille de £2.2s le n-íoc ar an gcúrsa 6 seachtaine roimh ré, ach aon scoláire atá ag iarraidh an dara chúrsa a fhreastail, ní chuirfear aon costas breise orthu. Tá Conradh na Gaeilge in ann scoláirí a thabhairt isteach ar chostas £1.1s

6.       Leagfar coinníollacha an chúrsa amach nuair a bheas an príomh-mhúinteoir ceaptha.

7.       Beidh fógraíocht le déanamh le haghaidh post an phríomh-mhúinteora ar phá £20 sa mhí le haghaidh 3 mhí.

Thug an tAthair Corbett faoi chuairteanna ar thithe a bheadh feiliúnach le haghaidh scoláirí a thógáil isteach. Ní bheidh aon teach curtha ar an liosta mura bhfuil an Ghaeilge ar an gcéad teanga labhartha sa teach. Beidh ar a laghad £300 ag teastáil chun tús a chur leis an scoil. Aon airgead a bhaileofar, ba cheart é a chuir chuig an Coiste, sin nó go dtí an tUasal J A Glynn, rúnaí onórach agus cisteoir, Teach an Bhrainse, Tuaim. Beidh an coiste sásta glacadh le leabhair fheiliúnacha chun tús a chur le leabharlann don scoil.

Mayo News, Dé Sathairn 6ú Bealtaine 1905

Scoil Ghaeilge Chonnacht ar Shliabh Partraí, Maigh Eo

Tugadh cóip dúinn den eolaire faoi Scoil Ghaeilge Chonnacht le haghaidh foghlaim na Gaeilge.

Tá an coláiste lonnaithe ag bun Sliabh Partraí, thart ar 10 míle ó Stáisiún Traenach Bhaile an Róba. Tá cáil ar áilleacht na háite agus ar na sléibhte, locháin agus coillte atá timpeall ar an mbaile. Taobh amuigh de dhoras an choláiste tá Loch Measca le feiceáil, oileán, caisleán, mainistir agus fiú amháin teach an Rí Ruairí Ó Conchubhair. Ní fhéadfaí áit níos fhearr a fháil le haghaidh saoire sa Samhradh.

Tá ionad le haghaidh foghlaim na Gaeilge ann agus ceaptar gur é an bealach is fearr é chun an teanga a fhoghlaim.

Is múinteoir den scoth é an tUasal Breathnach agus bhí baint aige le Feachtas na Teanga i Londain. Tá eolas aige ar mhodhanna Berlitz agus Gourin maidir le múineadh teangacha agus tá sé ag iarraidh tosú air chomh luath agus is féidir.

Tá an coláiste oscailte do mhná agus d’fhir. Tógadh tithe ar an mbaile agus is féidir lóistín a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an Oirmhinneach James Corbett, Partraí, Co. Mhaigh Eo.

Tá an tArd-Easpag, an coiste agus daoine eile sásta chuile chúnamh a thabhairt le cinntiú go n-éireoidh leis an gcoláiste agus chun deis a thabhairt don Fheachtas Teanga san Iarthair dul chun cinn.

Teastaíonn cúnamh airgid ón gcoláiste agus iarann siad ar dhaoine a bhfuil grá acu don teanga dhúchais síntiús a thabhairt.

Colaiste Chonnacht

Mayo News, 24ú Meitheamh 1905

Coláiste Traenála Gaeilge i gConnacht.

Litir chuig eagarthóir an Mayo News, Tuaim, 18ú Meitheamh 1905.

A duine uasal,

Thar ceann Coiste an Choláiste iarraim oraibh, mura miste libh, liosta na daoine seo a leanas a thug síntiús don choláiste a phriontáil. D’oscail an coláiste ar an 15ú lá agus tá súil againn go mbeidh líon mór scoláirí ag freastail ar gach aon chúrsa. Tar éis a raibh de síntiúis déanta, bhí súil ag an gcoiste le i bhfad níos mó cúnaimh fós ó mhuintir Chonnachta. Tá súil againn go dtabharfaí tuilleadh síntiús dúinn amach anseo. Tá costas trom orainn agus teastaíonn bliain mhaith uainn. Is iad costais is mó atá orainn ná caoi a chur ar an bhfoirgneamh. D’íoc muid féin ar na mór-chostais ar nós pá srl. Dá mbeadh daoine flaithiúil linn, bheadh muid in ann dul chun cinn mór a dhéanamh.

Mise le meas,
Joseph A. Glynn,
Rúnaí Onórach agus Cisteoir.

Liosta Síntiúsóirí:

                                                                                                            £              s             d

Mr. O'Heneghan, Seattle, Washington                    5              0             0

W.J.Bigger                                                                                   5              0             0

Roger Casement, Esq.                                                         5              0             0

Castlebar Branch                                                                   3              3             0

Tuam Branch                                                                           3              3             0

Premium on "Life of St. Patrick per 
Redemptorist Fathers, Esker.
                                       3              7             6

Rev James Corbett, P.P. Partry                                     3              0             0

Major Berry, per Rodger Casement                          3              0             0

Dr. Kuno Meyer                                                                       2              0             0

Mac Hale branch                                                                    2              2             0

J.P.Henry, M.D. London                                                   2              2             0

Dr Tuohy, Dublin                                                                  2              2             0

Dr. Cox, Dublin.                                                                      2              2             0

John Gore, Solicitor, Dublin.                                        2              2             0

Kiltimagh Branch, per M.J.O'Doherty                    2              2             0

Dr. Donnellan, Castlerea                                                  2              0             0

Wm O'Brien, M.P.                                                                   2              0             0

J.A.Glynn, Tuam                                                                   1              1             0

Headford Branch                                                                   1              1             0

M.T. Quigley, Ballymote,                                                 1              1             0

Ballymote Branch                                                                 1              1             0

W.F.D.Ward, Rathmines                                                    1              1             1

M.O'Finn Rathmines                                                           1              1             1

T.B.Costello M.D. Tuam                                                   1              1             0

C.O'L Maguire M.D. Tuam                                               1              1             0

Claremorris Branch                                                            1              1             0

J. Delaney, Sundays Ave. Cork                                    1              1             0

Miss A. O'Farrelly, Dublin                                               1              1             0

Arigna Coal Mine Employees                                       1              12           6

Rev. P Griffith C.S.S.R Dundalk                                    1              0             0

M. Deacon, Belfast,                                                               1              1             0

P.O'Malley, G.L. Organiser                                              1              0             0

P.H.Pearse, Dublin                                                                1              0             0

A.J. Crichton Carrogarry                                                 1              0             0

Rev. B.J. Crehan C.C. Riverstown                               1              0             0

Sligo Branch                                                                              1              0             0

Major Mc Bride Westport                                                 1              0             0

Rev. P. McGirr C.C. Ballindine                                      1              0             0

Rev. M. Healy, C.C. Ballinrobe                                      1              0             0

Owen McDermott J.P.                                                        1              0             0

Dr King Joyce                                                                           1              0             0

Rev. H.J. White, C.M. Philadelphia                            1              0             0

Rev.- Morrin, C.C. Partry                                                  1              0             0

Rev. A.J. Considine C.C. Galway                                  1              0             0

Gort National Teachers Association                                       12           0

Rev J. Mc Dermott Castlerea                                                         10           0

T. Mc Hugh Tuam                                                                                 10           0

Father Hynes, Sligo                                                                              10           0

P. Healy, Templebar                                                                            10           0

P. Disken, Derrew N.S.                                                                        10           0

M. O'Boyle, Dublin                                                                                10           0

P O'Daly Gaelic League, Dublin                                                   10           0

S.J. Barrett, Gaelic League, Dublin                                           10           0

Miss K. Murphy, Merrion, Dublin                                             10           0

Rev F. MacInerney, C.C. Dublin.                                                10           0

Very Rev. Fr Nevin C.P. Dublin                                                   10           0

Michael Delaney, Ballyhaunis                                                    10           0

Una Tolan, Aran                                                                                    10           0

W. Mc Dermatt, Dublin                                                                     7             6

Mayo News, 22ú Iúil 1905

Scoil Ghaeilge Chonnachta ón “Irish Independent”

Tá éacht mór déanta san Iarthair. Le taobh Sléibhte Partraí tá Scoil Ghaeilge agus Coláiste Traenála lonnaithe. Agus is áit bhreá lena aghaidh é. Ar bharr an tsléibhe agus lena fhána álainn, tá spioraid na Gaeilge le feiceáil sna daoine óga. Tagann Gael as chuile áit chun an teanga a fhoghlaim san áit foscúil seo faoi chosaint na sléibhte.

Cá bhfuil an Coláiste lonnaithe?

Tá an coláiste le taobh Loch Measca. Tá na tonn beagnach ag bualadh ar an coláiste, chomh gar sin atá sé don loch. As fuinneoga an choláiste, is féidir an taobh tíre álainn a fheiceáil. Amach díreach ar aghaidh an choláiste tá Loch Charraig Meadhan. Ar thaobh na láimhe deise tá Oileáin Daimhinis. I bhfad uainn, tá cloigeann Caisleán Hag le feiceáil os cionn na gcrann. Níos faide uainn, tá oileáin  naofa Inis Meáin agus oileán ríoga Inis Eoghain. Tá tuama ina bhfuil Rí Eochaidh curtha le 3,000 bliain anseo. Tá Cath Maigh Tuireadh thart le fada ;  ach tá Cairn Eochaidh fós anseo. I bhfad uainn ar thaobh na láimhe deise tá Caisleán Loch Measca, caisleán an-stairiúil. Ón áit seo, tá barr an tSéipéil Caitlicigh i mBaile an Róba le feiceáil.

Ag dul chuig an gcoláiste...

Tá an coláiste thart ar 10 míle ó Stáisiún Traenach Bhaile an Róba. Tá an timpeallacht go hálainn. Imíonn tú thar choillte, ceol na n-éan le cloisteáil, uisce ag déanamh gáire i do chuid súile; tríd móinteáin dhonn. Tiomáineann tú le fána thar bóithríní agus crainnte ar gach aon taobh. Agus na cnocáin le feiceáil ag teacht níos giorra duit de réir a chéile.

Ar bhád...

Is spleodraí fós turas báid trasna Loch Measca. Ó Bhá chois Locha, níl ach léig le taisteal. Tá na daoine áitiúla sásta bád a thabhairt ar iasacht duit. Bíonn bád ar fáil sa chuan ag am ar bith. Tá na daoine áitiúla thar a bheith flaithiúil agus tá na tithe oscailte do chuairteoirí atá ag teacht an bhealaigh. Agus anois imíonn muid trasna an uisce, go deas réidh de réir a chéile, agus i dtreo Scoil Ghaeilge Chonnachta.

Fothracha Stairiúla

Inár mbád beag chuaigh muid thar thírdhreach stairiúil, talamh ar a doirteadh fuil na laoch agus ar a shiúl na naomh. Ó dheas, tá tuama agus piléar le feiceáil – san áit a raibh Cath Maigh Tuireadh. Ansin fuair Tuath Dé Danann sásamh mór as a mbua agus thóg siad dúnfort ina raibh ceiliúradh acu. Anseo tá Eochaidh, Rí na bhFear Bolg, curtha, a maraíodh ar an tríú lá den chath. Taobh leis tá Dún Eoghain, áit a chonaigh Eoghain, Rí Chonnachta, san 6ú aois. B’é Eoghan iar -gharmhac Daithí a thit i gcath in aghaidh na bhFear ó Thuaidh. Tá Caisleán Loch Measca go ciúin ina sheasamh os cionn an láthair catha.

Iarsmaí Eaglasta:

Gar dúinn tá Mainistir Inis Meáin, foirgneamh sa stíl Éireannach-Rómhánach. Ní féidir gan aird a thabhairt ar an ailtireacht ón am sin.

Plean Oibre:

Léann muid san eolaire go bhfuil Scoil Ghaeilge Chonnachta bunaithe chun “múinteoirí a thraenáil agus an teanga Ghaeilge mhúineadh”. Tá an clár leagtha amach chun deis a thabhairt do chuile scoláire Gaeilge a fhoghlaim. Tá am socraithe le haghaidh ceachtanna ar an modh is fearr chun Gaeilge a mhúineadh agus fáilte roimh chuile scoláire. Déanfar na ceachtanna seo tríd an Modh Díreach. Mar sin tugtar chúnamh do chuile dhuine.

Beannacht an Ard-Easpaig:

Ag labhairt dó ag Feis Maigh Eo i mí an Mheithimh, rinne Ard-Easpag Thuama tagairt do Scoil Ghaeilge Chonnachta. Dar leis gur éacht mór í in Oideachas na Gaeilge. Thug sé ómós mór d’iarracht Chonradh na Gaeilge. Dúirt sé gur cheart do chuile mhúinteoir sa pharóiste freastal ar an gcoláiste mura bhfuil siad cáilithe sa Ghaeilge cheana féin. Aon mhúinteoir a bhíonn ag na seisiún, a thosaíonn ar an 1ú Lúnasa – fiú mura bhfuil acu ach fíor-bheagán Gaeilge, beidh bunús láidir acu tar éis 6 seachtaine. Beidh tú sáite sa teanga sa Choláiste seo.

Mícheál Breathnach:

Is teist é rogha an mhúinteora ar intinn Choiste an Choláiste. Is scríbhneoir Gaeilge nua-aimseartha mór le rá é Mícheál Breathnach. Tá cáil air mar gheall ar a leabhar “Cois Fharraige”. Faoi láthair tá sé ag déanamh aistriúcháin ar “Knockagow” le Kickham. Le linn dó a bheith ag plé le Conradh na Gaeilge i Londain, chuir sé eolas ar bhealaigh difriúla chun teangacha a mhúineadh. Tá sé eolach ar mhodhanna Berlitz agus Gouin le haghaidh teangacha a fhoghlaim. Chonaic sé na modhanna seo in úsáid thar lear, áit a dhéantar múineadh dá-theangach sna scoileanna. Tá chleachtadh maith aige mar sin, chomh maith le máistreacht ar an ábhar. Tá sé an-díograiseach agus is fíor-mhúinteoir é freisin.

Lóistín do scoláirí:

Ón eolaire is féidir linn a fheiceáil go bhfuil méid mór áiteanna lóistín in aice leis an gcoláiste. Is féidir dul i dteagmháil leis an Urramach James Corbett, Sagart Paróiste, Partraí, Co. Maigh Eo chun tuilleadh eolais a fháil faoi seo.

Mayo News, 16ú Meán Fómhar 1905

Scoil Ghaeilge Chonnachta

Léacht suimiúil le A.S Green.

An tseachtain seo caite thug A. Stopford Green, bean an staraí cháiliúil, léacht i Scoil Ghaeilge Connacht ar “Shibhialtacht ná hÉireann sa 16ú Aois”. Thug sí óráid suimiúil faoin saol tionsclaíoch agus tráchtála in Éireann roimh cogaidh Eilíse. I taobh finaise scríofa, is iad an 15ú agus 16ú aois is suimiúla, ní amháin ó thaobh filíochta de ach freisin maidir leis an obair cóipeála a déanadh ar dhlíthe, stair agus dáil daoine na hÉireann. Agus iad faoi bhrú ag na hionróirí Sasanacha, shocraigh  na hÉireannaigh cuntas a choinneáil ar a sibhialtacht féin. Le linn cogadh na dTúdarach bhí Éireann briste suas ina trí phíosa – An Pháil, .i. Baile Átha Cliath agus na contae timpeall air i bhfoisceacht 30 míle; an talamh críche ina raibh cogadh leanúnach ar siúl, .i. Contae na Mí, Loch Garman Theas agus Cill Mhantáin; agus ansin an tír taobh amuigh den Pháil.

Bhí an Pháil Sasanach don chuid is mó, agus glaodh Londain Éireannach nó Óg ar an bpríomhchathair. Bhí an talamh críche réabtha troid agus achrann – mar gheall nach raibh na daoine áitiúla sásta a gcuid talún a thabhairt suas do strainséirí gan troid. Thriall muintir na tuaithe an tsean-sibhialtacht a choinneáil beo agus d’éirigh go maith leo. Bhí taithí acu ar ghnó, bhádóireacht, fheirmeoireacht, earraí lámhdhéanta, eolaíocht, dhéantúsaíocht olann, leathair, línéadach, shiúinéireacht, ornáid ór agus airgid, chomh maith le bheith in ann troid. Cuireadh an t-éadach thar lear go dtí an Ísiltír agus bhí sé níos saoire agus níos láidre ná rud a ceannaíodh aon áit eile. Bhí sé  in úsáid i gcúirt Naples, agus bhronnadh Uaisle Shasana é ar a chéile mar thabhartanais. Bhí abhainn an Sionainne beo le báid agus bhí na cuan in Iarthair agus Deisceart na hÉireann a bhí ciúin cheana thar a bheith gnóthach anois.

Má bhreathnaíonn muid ar stair na tíre feiceann muid gur féidir dul chun cinn a dhéanamh má tá muid sásta oibriú ar a son.

Mayo News, 4ú Samhain 1905

Coláiste Traenála Gaeilge Sliabh Partraí

Bhí toghchán na múinteoirí go Coiste Coláiste Traenála Gaeilge Sliabh Partraí ar siúl ar an 28ú Deireadh Fómhair. Bhí an cruinniú ar siúl in Óstán Ryan i gClár Chlainne Mhuiris. Bhí slua mór ann agus bhí toscairí den chéad scoth ann. Ar mholadh T.J Cassidy agus P. Egan, toghadh an tUasal Heneghan, príomhoide Scoil Náisiúnta Clár Chlainne Mhuiris ar an gcoiste. Dúirt an tUasal McHugh go mbeadh sé mar rúnaí ar an gcoiste agus ní chuir aon duine in aghaidh an mholadh.