Tuarmhiceadaigh

Luíocháin Tuar Mhic Éadaigh

Píosa a tógadh ón Mayo News, 12 Bealtaine 2008, scríofa ag an Uasal John Healy.

Ochtó seacht bliana an mhí seo, bhí baint mhór ag Tuar Mhic Éadaigh le Cogadh na Saoirse i Maigh Eo.

Rinne páirtí luíocháin de chuid an IRA i Maigh Eo Theas ionsaí ar grúpa fir den RIC agus de na Dúchrónaigh ar an 3ú Bealtaine agus rinneadh sléacht mór ar na trúpaí sular éirigh leo éalú tríd Sléibhte Partraí.

Breathnaíodh ar an troid sin go háitiúil mar éacht mór don IRA. D’éalaigh siad roimh cúpla céad trúpaí Sasanacha a bhí á gcuartú sna cnocáin. Más fíor é an scéal, throid na colún reatha den IRA in aghaidh 600 trúpaí, d’éalaigh siad, agus ghortaigh siad suas le 50 saighdiúir Sasanach.

Tá fírinne an scéil seo anois faoi scrúdú géar i leabhar nua atá le foilsiú ag scríbhneoir as Maigh Eo. Sa leabhair sin, “The Battle of Tourmakeady – Fact or Fiction” ó pheann Captaen Donal Buckley, cuirtear ceisteanna faoi céard a tharla ar an lá sin i mí Bealtaine 1921.

Tá an Captaen Buckley, oifigeach in Airm na hÉireann ar feadh 22 bhliain, thar a bheith staidéarach i mbun a chuid taighde. Mar thoradh ar a chuid staidéir ar an méid a tharla an lá sin, tá ceisteanna á gcur aige faoi céard go díreach a tharla agus cé chomh fíor is atá an scéal.

Deireann Buckley gur tharla an luíochán féin ceart go leor, ach go músclaíonn na scéalta a insíodh ina thaobh  níos mó ceisteanna ná freagraí. Insíonn sé dúinn go ndearna Colún Reatha de 60 saighdiúr faoi chúram an Cheannfoirt Tom Maguire as An gCrois luíochán ar ghrúpa póilíní i dTuar Mhic Éadaigh. Bhí na póilíní seo ag tabhairt earraí ó Shiopa Bermingham i mBaile an Róba chuig Beairic an RIC i bPáirc an Doire, 7 míle ó dheas ó Thuar Mhic Éadaigh. Tar éis an luíocháin d’imigh an Colún Reatha i bhfolach i Sléibhte Partraí, áit a raibh cath eile acu le trúpaí Sasanacha.

Ach tá fadhb ag an Captaen Buckley cuntas stuama a aimsiú ar an méid a tharla ins dhiaidh sin. Tá meascán de fhíricí, bréaga agus bolscaireacht sa scéal mar a insítear go hiondúil é.

Eascraíonn go leor den mífháisnéis, dar leis an gCaptaen Buckley, as bolscaireacht a déanadh ag an am. Rinne na húdaráis i gCaisleán Baile Átha Cliath agus Ceanncheathrú an Airm Shasana ráitis nár thug mórán eolas faoi céard a tharla go díreach. Ceapann Buckley go raibh an bronnadh a déanadh ar na saighdiúirí a throid an lá sin bunaithe ar bhréag.

Freisin, breathnaíonn an leabhar “The Battle of Tourmakeady” ar cé chomh cruinn is a bhí ráitis an IRA. Tá neart ceisteanna le cur fúthu sin chomh maith. “Níl an leabhar seo chun ceisteanna a fhiafraí ar mhaithe le hachrann a tharraingt” a deir Buckley, “ach tar éis 87 mbliain tá sé go maith breathnú siar ar an méid a tharla le hintinn oscailte, agus iarracht a dhéanamh a fháil amach céard é an fhírinne agus céard é an bréag”.

Is é an phríomh-fhadhb le staidéar a dhéanamh ar Luíochán Thuar Mhic Éadaigh ná nach bhfuil fianaise sách cuimsitheach ar fáil. Déanann an leabhar  “The Battle of Tourmakeady” iarracht an fhírinne a dheighilt ón mbréag.

Tá cuid dena cuntaisí a tugadh faoin lá deacair le creidiúint. Deireann tuairisc amháin a thug rannóg faisnéise Shasana gur éirigh leo grúpa mór reibiliúnach a ghabháil i dTuar Mhic Éadaigh, áit ar maraíodh beirt agus ar gortaíodh 13 dhuine go dona, agus gur gheall ar eolas a fuair gníomhairí faoi luíochán a bhí pleanáilte.

Deireann scríbhneoir eile, Michael Hopkins, gur tháinig Briogáid Iarthair Mhaigh Eo ró-dheireanach chun cúnamh a thabhairt d’aon duine sa luíochán. Is bréag a cheaptar a bheith sa ráiteas seo.

Fiú amháin deireann Ernie O’Malley gur úsáideadh tarchuradóir raidió i mBeairic an RIC i bPáirc an Doire chun cúnamh a iarraidh, ach ní raibh a leithéid go rud agus tarchuradóir raidió ar fáil ann ag an am.

Go dáta, níl aon chuntas cruinn ar céard a tharla ar an 3ú Bealtaine 1921, agus ar cén fáth go bhfuil insint difriúil ag chuile ghrúpa air, a mhíníonn Buckley. “Chun cuntas cruinn a thabhairt, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil, breathnaím go sonrach ar an méid a tharla sa luíochán i dTuar Mhic Éadaigh agus céard a tharla ina dhiaidh sin i Sléibhte Partraí.”

Déanann Buckley scrúdú ar céard a tharla, an méid daoine a bhí ann, na hairm a úsáideadh agus an méid daoine a gortaíodh ar an dá taobh, chomh maith leis an méid fórsaí cúltaca a glaodh orthu.

“Tabharfaidh mé míniú freisin cén fáth a tháinig leaganacha difriúla amach faoi céard a tharla an lá sin, agus cén fáth a raibh sé seo déanta i gcogadh na bolscaireachta a bhí idir an dá thaobh” a deir Buckley.

Beidh “ The Battle of Tourmakeady – Fact or Fiction” ar fáil i mí Meitheamh. Is féidir é a ordú ón scríbhneoir, An Captaen Donal Buckley, ag Woodfield, Doire Shoic, Caisleáin an Bharraigh, nó ag 094-9031344.